Planning: Search applications Forms: Online and Downloads Register of Electors Council Meetings

Séanadh

Séanadh castlebartc.ie

Bailíodh an t-eolas atá ar fáil ar Shuíomh Gréasáin castlebartc.ie ó go leor foinsí éagsúla, agus seans nach bhfuil roinnt acu rialaithe ag Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh.

Cé gur glacadh gach cúram réasúnta i mbailiú agus i bhfoilsiú a bhfuil ar an suíomh gréasáin seo, ní dhéanann Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh aon uiríoll ná baránta, bíodh sé curtha in iúl nó intuigthe, maidir le cruinneas ná feiliúnacht an eolais ná an ábhair atá ar fáil san acmhainn seo.

Is ar phriacal an úsáideora amháin a fhaightear rochtain ar agus a bhaintear leas as an eolas anseo.

Ní bheidh Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh faoi dhliteanas, go díreach ná go hindíreach, don úsáideoir ná d’aon tríú páirtí eile, i ndáil le haon damáiste a thagann as úsáid an eolais luaite nó intuigthe ar shuíomh gréasáin castlebartc.ie.

Ní ghlacann Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh dliteanas dlíthiúil, ná aon dliteanas eile, i leith míchruinnis, míráitis ná aon earráid eile de shaghas ar bith atá ar fáil anseo.

Séanann Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh go foirmiúil leis seo, dliteanas i leith na nithe thuasluaite.

Is i bhfoirm ghiorraithe agus le haghaidh eolas ginearálta amháin atá an t-eolas ar an suíomh gréasáin seo ar fáil, agus d’fhéadfadh sé athrú ó am go chéile. Níor chóir brath air leis féin, chun cearta dlíthiúla ná cinntí eile a dhearbhú.

Moltar do chuairteoirí ar an suíomh, aon eolas ar mhian leo brath air a dhearbhú trí theagmháil dhíreach agus bheo a dhéanamh le Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh.

Tá a lándícheall déanta ag Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh cóipcheart nó cearta intleachtúla eile a shannadh do na húinéirí cearta de réir mar is cuí.

I gcás gur ligeadh cearta i ndearmad nó nach ndearnadh é trí dhearmad, réiteoidh Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh an t-easnamh nuair a chuirtear ar a súile dóibh é.

Ní bheidh Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh, a gcuid Comhairleoirí, stiúrthóirí, fostaithe, seirbhíseach ná gníomhaithe, daoine atá comhcheangailte leo nó ionadaithe eile, a máthairchuideachtaí agus a bhfochuideachtaí faoi seach, faoi dhliteanas i ndáil le dliteanais, éigeandálaí, éilimh, cúiseanna caingne, damáistí, caillteanais, costais, d’éagmais teorann san áireamh, táillí réasúnta dlí agus costais imeachtaí ag teacht as nó a bhfuil baint acu le húsáid agus/nó scaipeadh eolais phearsanta a bhaineann leat, de réir an bheartais phríobháideachais seo agus do chomhthoil.

Ba chóir a bheith ar an eolas, gur aon uair a úsáideann tú nasc ó shuíomh gréasáin mayococo.ie go suíomh eile, nach bhfuil aon rialú ag Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh ar an suíomh gréasáin sin.  Níl Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh freagrach as na cleachtais phríobháideachais atá ag suíomhanna gréasáin eile.

Glacann tú leis an séanadh seo nuair a leanann tú ar aghaidh chuig Suíomh Gréasáin Chomhairle Baile Chaisleán an Bharraigh.

Féach ar an Ráiteas Príobháideachais