Beartas Príobháideachais
Beartas Príobháideachais Chomhairle Baile Chaisleán an Bharraigh
Is mian le Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh ár gceangaltas daingean a chur in iúl maidir le do phríobháideacht sa ráiteas príobháideachta seo. Trí chuairt a thabhairt ar castlebartc.ie, glacann tú leis na cleachtais atá leagtha amach san Fhógra Príobháideachais seo.
Baineann an ráiteas seo lenár gcleachtais phríobháideachta i dtaca leis an láithreán Gréasáin seo. Nílimid freagrach as ábhar nó cleachtais phríobháideachta láithreáin Ghréasáin eile. Taispeántar aon nasc seachtrach ó láithreáin Ghréasáin eile go soiléir. Tugtar míniú ar roinnt de na téarmaí teicniúla a úsáidtear sa ráiteas seo ag deireadh an leathanaigh.
Ráiteas Ginearálta
Glacann Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh go hiomlán le do cheart chun príobháideachta agus ní bhaileoimid aon fhaisnéis fút ar an láithreán Gréasáin seo gan cead soiléir a fháil uait. Aon fhaisnéis a chuireann tú ar fáil go deonach do láithreán Gréasáin Chomhairle Baile Chaisleán an Bharraigh, déanfar í a láimhseáil ag úsáid dianchaighdeáin slándála agus rúndachta, de réir na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 & 2003.
Cén Fhaisnéis faoi Chustaiméirí a Bhailíonn Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh?
Cuidíonn an fhaisnéis a thugann ár gcustaiméirí dúinn cur leis an leas a bhaineann tú as castlebartc.ie trí chuma níos pearsanta a chur air agus an tréimhse a chaitear ar líne a fheabhsú. Is iad seo a leanas na cineálacha faisnéise a bhailímid:
Faisnéis a Thugann Tú Dúinn:
Faighimid aon fhaisnéis a chuireann tú ar ár láithreán Gréasáin nó ar aon bhealach eile agus déanaimid í a stóráil. Is féidir leat roghnú gan faisnéis áirithe a sholáthar dúinn ach is féidir nach mbeifeá ábalta leas a bhaint as go leor de na gnéithe atá curtha ar fáil againn dá bharr. Úsáidimid an fhaisnéis a thugann tú dúinn chun críocha den chineál seo: freagra a thabhairt ar d’iarrataí, ár seirbhísí ar líne a chur in oiriúint duit, ár seirbhísí ar líne a fheabhsú, agus teagmháil a dhéanamh leat.
Sa chás go dtugann úsáideoir faisnéis phearsanta go deonach, úsáidfear na sonraí ar mhaithe le hanailís, taighde nó seirbhísí do chustaiméirí agus sin amháin. Coinneofar aon sonraí a sholáthraíonn tú dúinn de réir na bprionsabal maidir le cosaint sonraí a leagadh amach san Acht um Chosaint Sonraí (Leasú), 2003, san Acht um Chosaint Sonraí, 1988, san Acht um Thráchtáil Leictreonach, 2000, agus i reachtaíocht iomchuí eile san AE agus in Éirinn.
Dearbhaíonn Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh go gcoinnítear céannacht na ndaoine ar fad a dhéanann teagmháil linn tríd an láithreán Gréasáin seo faoi rún: ní dhéanaimid liostaí seoltaí a ligean amach ar cíos, a dhíol nó a mhalartú ná ní thaispeánaimid eolas den chineál sin do thríú páirtí ar aon bhealach eile, ach amháin de réir mar a cheanglóidh an dlí, nó trí chomhoibriú deonach i gcomhar le húdaráis forfheidhmithe dlí sa chás go measaimid go bhfuil gá lena leithéid de chomhoibriú chun dul i ngleic le calaois nó coir eile.
Faisnéis Uathoibríoch:
Ní nochtar aon fhaisnéis phearsanta dúinn tríd an nGréasán a bhrabhsáil go ginearálta, cé gur féidir linn staitisticí logála áirithe a fháil ón láithreán Gréasáin. Bailímid cineálacha áirithe eolais, mar a dhéanann go leor láithreáin Gréasáin, mar shampla, nuair a théann do bhrabhsálaí Gréasáin chomh fada le castlebartc.ie (bogearra a ligeann duit leathanaigh idirlín a léamh. Samplaí: Microsoft Internet Explorer, Netscape, Opera, Mozilla srl). Féach na samplaí thíos.
Samplaí d’fhaisnéis a bailíodh:
- Seoladh Prótacal Idirlín (IP) a úsáidtear le do ríomhaire a cheangal leis an idirlíon (192.168.88.21 mar shampla )
- Seoladh ríomhphoist—má sheolann tú ríomhphost chuig aon cheann dár seoltaí ríomhphoist poiblí
- Eolas maidir leis an ríomhaire agus an ceangal ar nós cineál agus leagan an bhrabhsálaí, an córas oibríochta, an t-ardán, an url tagartha agus na leathanaigh ar tugadh cuairt orthu
Ní dhéanfaidh Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh aon iarracht ar chuairteoirí aonair a aithint, ná na mionsonraí teicniúla atá liostaithe thuas a lua le duine aonair, seachas i gcásanna inar tharla gníomhaíocht choiriúil (is é sin, mar fhreagairt ar eachtra “bradaíola”). Tá sé mar pholasaí ag Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh gan faisnéis theicniúil dá leithéid i leith cuairteoirí aonair chuig an láithreán Gréasáin a nochtadh go deo do thríú páirtí (seachas comhlachtaí forfheidhmithe dlí agus é sin mar fhreagairt ar ghníomhaíochtaí mídhleathacha ar nós “bradaíola”) agus sa chás sin amháin; agus seachas ár soláthraí seirbhísí idirlín freisin, a dhéanann taifead ar shonraí dá leithéid ar ár son agus atá faoi cheangal na bhforálacha rúndachta maidir leis sin), ach amháin má chaithfear faisnéis dá leithéid a nochtadh de réir dlí. Is í Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh amháin a úsáidfidh an fhaisnéis theicniúil, agus is do chríocha staitistiúla agus riaracháin amháin a úsáidfear í. Tabhair ar aird nach ionann na sonraí teicniúla, nach féidir linn a lua le duine atá inaitheanta, agus “sonraí pearsanta” do chuspóirí na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 & 2003.
An nDéanann castlebartc.ie an Fhaisnéis a Fhaightear a roinnt?
Go hannamh. Sna cásanna ina mbeidh ceanglas reachtúil orainn faisnéis a roinnt le gníomhaireacht de chuid an rialtais nó le húdarás áitiúil eile nó go gcaithfear faisnéis maidir leat a roinnt le gníomhaireacht eile chun ceist custaiméara a fhreagairt, déanfar an méid is lú faisnéise a mbeidh gá leis a roinnt i mbealach cuí. Go ginearálta, roinntear faisnéis le gníomhaireachtaí eile mar sonraí comhiomlána seachas mar phíosa faisnéise áirithe.
Is féidir go ndéanfaimid faisnéis uathoibríoch (féach thuas) a scaoileadh mar aon le faisnéis eile a fuarthas ar an láithreán Gréasáin chuig cuideachtaí agus eagraíochtaí chun cosaint a fháil ar chalaois agus an riosca maidir le creidmheas a mhaolú. Ní dhéanfar ach an fhaisnéis den chineál sin a bhaineann le húsáideoirí a bhfuil damáiste déanta acu nó a d’fhéach le damáiste a dhéanamh do ballinatc.ie. Ní roinnfear faisnéis den chineál sin ach amháin mar thoradh ar ionsaí “bradaíola”, calaoise nó gníomhaíochtaí mídhleathacha eile.
Gníomhaireachtaí
Feidhmíonn Rannóg TF Chomhairle Chontae Mhaigh Eo mar chuideachta óstála agus déanann sí an obair theicniúil chun ballinatc.ie a óstáil. Déanann Comhairle Contae Mhaigh Eo an fhaisnéis uathfheidhmeach ata leagtha amach thuas a rochtain thar ceann Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh.
Naisc le Láithreáin Ghréasáin Eile
D’fhéadfadh go mbeadh naisc ar fáil ar castlebartc.ie chuig ábhar de chuid údaráis áitiúla, gníomhaireachtaí rialtais, cuideachtaí, eagraíochtaí, srl ar mhaithe lena chur ar chumas ár n-úsáideoirí teacht ar níos mó eolais go héasca. Nílimid freagrach as ábhar nó cleachtais príobháideachta láithreáin Ghréasáin eile. Taispeántar aon nasc seachtrach chuig láithreáin Ghréasáin eile go soiléir. Cuirimid naisc ar fáil chuig láithreáin Ghréasáin eile a thugann eolas a bhaineann le daoine a bhfuil cónaí orthu i gContae Mhaigh Eo agus chuig láithreáin Ghréasáin a mheasaimid a bheadh spéisiúil agus ina chuidiú do dhaoine a bhfuil sé i gceist acu cuairt a thabhairt ar Chontae Mhaigh Eo. Ní thugann Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh aon ghealltanas ná moladh maidir le caighdeán na seirbhísí a chuireann na grúpaí ar leo na láithreáin Ghréasáin sin ar fáil.
Gluais de Théarmaí Teicniúla a Úsáideadh
Brabhsálaí Gréasáin
Seo an bogearra a úsáideann tú chun leathanaigh Gréasáin a léamh. Samplaí: Microsoft Internet Explorer, Netscape Navigator agus Opera.
Seoladh IP
Seo mionsonraí aitheantais do ríomhaire (nó ríomhaire do chuideachta idirlín), tugtha i gcód "prótacal Idirlín" (192.168.72.34 mar shampla). Tá seoladh IP uathúil ag gach ríomhaire atá ceangailte leis an nGréasán, cé gur féidir nach mbeadh a seoladh mar an gcéanna gach uair a dhéantar ceangal leis.
Séanadh
Lean an nasc chuig an Séanadh Iomlán
Ní bheidh Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh, Comhairle Contae Mhaigh Eo, a comhairleoirí, a stiúrthóirí, a fostaithe, a seirbhísigh nó a gníomhairí, lucht cleamhnaithe nó ionadaithe eile, agus a máthair-chuideachtaí agus a fochuideachtaí faoi seach, faoi dhliteanas ar bith i leith aon éilimh, éigeandála, iarrata, cúis chaingne, damáistí, caillteanais, caiteachais, lena n-áirítear gan teorainn, costais agus táillí dlí réasúnta na n-imeachtaí a éireoidh as nó i dtaca le húsáid agus/nó leathadh faisnéise pearsanta a bhaineann leatsa faoi réir ag an bpolasaí príobháideachta seo agus cead a bheith tugtha agat.
Tabhair ar aird sa chás go leanann tú nasc chuig láithreáin Ghréasáin eile ó ballinatc.ie nach bhfuil aon smacht ag Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh ar an láithreán Gréasáin sin. Níl Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh freagrach as cleachtais príobháideachta láithreáin Ghréasáin eile.
Leasuithe
Forchoimeádann Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh aige féin an ceart dá rogha féin an ráiteas príobháideachta seo a leasú cibé am is mian léi, agus ba chóir duitse an ráiteas príobháideachta seo a sheiceáil go rialta le haghaidh leasuithe.
Tuilleadh Eolais/Eolas Teagmhála
Sa chás go mbíonn ceisteanna agat maidir leis an ráiteas príobháideachta seo, cleachtais a bhaineann leis an láithreán Gréasáin seo, déan teagmháil linn tríd an nasc ar clé nó ar ríomhphost tríd an nasc ag bun gach leathanaigh.




