Seirbhísí

Tá Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh freagrach as go leor
seirbhísí sa bhaile mór.  Roghnaigh an tseirbhís atá uait
ó na naisc seo thíos.

Tithíocht ón Údarás Áitiúil

Go traidisiúnta ba é an t-údarás áitiúil an príomhsholáthraí tithíochta dóibh siúd nach raibh sé d'acmhainn acu tithíocht ar chaighdeán sásúil a sholáthar dóibh féin. Cé go bhfuil bealaí eile oscailte do dhaoine sna dálaí seo le blianta beaga anuas, is iad na húdaráis áitiúla na príomhsholáthraithe tithíochta sóisialta i gcónaí, agus raon tithíochta á chur ar fáil ar cíos aci chun freastal ar riachtanais éagsúla tithíochta.

 

An bhfuilim incháilithe?

Má tá tithíocht de dhíth ort, agus mura bhfuil sé d'acmhainn agat é a chur ar fáil duit féin, is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig an údarás áitiúil. Tabharfaidh an t-údarás áitiúil leithidí de thosca san áireamh agus an t-iarratas á mheas acu: líon tí, ioncam an teaghlaigh, cóiríocht faoi láthair (más ann dó), bail na cóiríochta sin agus aon dálaí speisialta eile – aois, míchumas, tinneas srl. ina measc. Déan teagmháil le d'údarás áitiúil má cheapann tú go bhfuil tú incháilithe do thithíocht ón údarás áitiúil.

 

Cén chaoi a ndéantar iarratas?

Déan an Fhoirm Iarratais ar Thithíocht Shóisialta a chomhlánú agus seol chuig Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh, Teach an Churraigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo í.

 

An féidir liom mo theach a cheannach ón údarás áitiúil?

Is féidir. Is féidir iarratas ar do theach a cheannach ar lascaine a chur chuig an údarás áitiúil a fhad is go bhfuil tú i do thionónta ar theach de chuid an údaráis áitiúil ar feadh bliana ar a laghad.Agus an teach á cheannach agat, tá sé de rogha agat iarratas ar mhorgáiste a chur chuig an údarás áitiúil nó chuig cumann foirgníochta. Tá bileog eolais faoin modh iarratais ar an Scéim Cheannaigh ag Tionóntaí ar fáil ó d’údarás áitiúil.

 

Agus mura bhfuil mé incháilithe?

Mura bhfuil tú incháilithe do thithíocht shóisialta cuirfidh an t-údarás áitiúil ar an eolas thú faoi agus míneoidh siad an chúis lena gcinneadh. Is féidir leis an údarás eolas agus comhairle a sholáthar i dtaobh roghanna tithíochta eile atá ar fáil – an Scéim um Chóiríocht ar Cíos, Tithíocht Inacmhainne srl. mar shampla.