Seirbhísí
Tá Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh freagrach as go leorseirbhísí sa bhaile mór. Roghnaigh an tseirbhís atá uait
ó na naisc seo thíos.
Scéim Cíosanna Difreálacha
1. RAON NA SCÉIME
Cuirfidh Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh an scéim seo i bhfeidhm go haonfhoirmeach.
Rachaidh sí in ionad gach Scéime Cíosa Dhifreálaigh agus Ghrádaithe atá ann faoi láthair, agus beidh sí faoi réir athbhreithniú bliantúil.
2. CÍOSANNA DIFREÁLACHA
(1) De réir Alt 3 thíos, áireofar cíosanna ar thithe cónaithe mar chéatadán d’ioncam inmheasta an tionónta agus a c(h)éile nó a p(h)áirtí.
(2) Is ionann ioncam inmheasta agus ioncam ó na foinsí a luaitear thíos, é iomlán measta, ach lúide ranníocaíochtaí d’árachas sóisialta pá-choibhneasta agus aon cháin ioncaim iníoctha ar a leithéid d'ioncam.
(a) Ioncam ó fhostaíocht, féinfhostaíocht san áireamh.
(b) Íocaíochtaí uile ó árachas sóisialta agus cúnamh sóisialta, agus liúntais oiliúna ó FÁS cé is moite de na híocaíochtaí luaite faoi (v) thíos.
(c) Ioncam ó phinsin de chineál ar bith nach luaite cheana féin faoi (b) thuas é.
(3) De ghnáth, is ionann ioncam duine fostaithe agus an gnáthráta luach saothair in aghaidh na seachtaine mar a shainítear faoi Alt 1 den Acht um Shaoirí (Fostaithe), 1973 é. Tugtar iomlán na n-íocaíochtaí rialta eile a fhaightear i ndáil le pá san áireamh.
(4) Is ionann foshaothróir agus duine eile sa teaghlach, cé is moite den tionónta agus a c(h)éile nó a p(h)áirtí, a bhfuil ioncam acu.
(5) Déantar neamhaird de na foinsí ioncaim a leanas i dtaca le ríomh cíosanna:-
(a) Liúntas Leanaí, Liúntas Dílleachta nó Pinsean Dílleacha iníoctha faoin Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 2005.
(b) Scoláireachtaí.
(c) Liúntais iníoctha faoi na Rialacháin um Páistí a chur ar Lóistín, 1954.
(d) Liúntais Cúram Baile do Pháistí faoi Mhíchumas faoin Acht Sláinte, 1970.
(e) Íocaíochtaí Cnapshuime Cúitimh.
(f) Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh, iníoctha faoin Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 2005.
(g) Forlíonadh Luathchúraim Leanaí.
3. RÍOMH AN CHÍOSA
Déanfar na cíosanna ar na tithe a ligfear ar chíos difreálach a ríomh mar seo a leanas:
(a) Bainfear €21.00 d’ioncam inmheasta an tionónta agus a c(h)éile nó p(h)áirtí as gach duine a bhfuil cónaí lánaimseartha orthu sa teach, páistí an tionónta suas le 21 bliain d’aois atá in oideachas lánaimseartha san áireamh.
(b) Gearrfar cíos ar fiú 20% den ioncam inmheasta laghdaithe, mar a ríomhadh thuas é, faoi réir na gcoinníollacha a leanas:
(i) I ndiaidh don cíos iníoctha ag tionónta agus a c(h)éile nó p(h)áirtí a ríomh, ba chóir deich faoin gcéad d’ioncam inmheasta gach foshaothróra a chur leis, suas le uas-ranníocaíocht €15.00 ag gach foshaothróir.
(ii) I gcás daoine scothaosta (bíodh siad ina gcónaí ina n-aonar nó mar lánúin phósta) agus daoine singil atá ina gcónaí ina n-aonar, agus a fhaigheann íocaíochtaí leasa shóisialaigh ar bhonn fadtéarmach, is mar 10.5% dá n-ollioncam a ríomhfar an cíos le híoc acusan.
(iii) Ní sárófar méid an chíosa a ríomhtar ar an gcaoi seo an uasmhéid cíosa a leagtar amach in Alt 4, agus ní bheidh sé níos lú ná an íosmhéid cíosa a leagtar amach in Alt 5.
(c) Slánú suas agus síos
Nuair nach bhfuil na cíosanna a áirítear de réir na scéime thuasluaite ina n-iolraí de €0.10, déanfar iad a shlánú, suas nó síos, go dtí an €0.10 is cóngaraí. Déanfar luach €0.05 a shlánú suas.
4. UASMHÉID CÍOSA
Is é seo a leanas an t-uasmhéid cíosa a ghearrfar le haghaidh gach catagóire de theach ligthe ar cíos ag an údarás áitiúil (idir thithe nua is sean):
Aonaid le seomra codlata amháin nó péire €100.00
Aonaid le trí sheomra codlata €150.00
Aonaid le ceithre sheomra codlata nó níos mó €175.00
5. ÍOSMHÉID CÍOSA
Beidh an t-íosmhéid cíosa seo in aghaidh na seachtaine i bhfeidhm agus cíos á ríomh:
Aonaid le trí sheomra codlata nó níos mó €15.00
Aonaid le dhá sheomra codlata €13.00
Aonaid le seomra codlata amháin €13.00
6. CRUACHÁSANNA
Más tuairim an údaráis tithíochta é go mbeadh an méid cíosa mar a ríomhadh de réir Alt 3 é ina cúis le cruachás, is féidir leis an údarás, i gcásanna eisceachtúla, glacadh le méid níos lú ón tionónta ar feadh tréimhse sonraithe, más é a dtoil é.
7. ATHBHREITHNIÚ AR IONCAM
Ba chóir don tionónta an t-údarás áitiúil a chur ar an eolas láithreach má thagann aon athrú ar ioncam nó ar dhálaí an teaghlaigh.




