Seirbhísí

Tá Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh freagrach as go leor
seirbhísí sa bhaile mór.  Roghnaigh an tseirbhís atá uait
ó na naisc seo thíos.

Scéim Cheannaigh ag Tionóntaí

Cé tá i dteideal a dteach a cheannach?

Má bhí tú i do thionónta ar theach de chuid Chomhairle Baile Chaisleán an Bharraigh le bliain ar a laghad, tig leat iarratas a chur chuig an gComhairle chun é a cheannach go hiomlán nó chun é a cheannach trí úinéireacht roinnte.

An bhfuil spriocdháta le haghaidh iarratas ar an scéim seo?

Tugadh an scéim áirithe seo isteach sa bhliain 1995. Ach fuaireamar scéal le déanaí ón Roinn Comhshaoil, Oidhreachta & Rialtais Áitiúil go bhfuiltear chun deireadh a chur leis an scéim seo de réir a chéile sa dhá bhliain amach romhainn, agus scéim eile a chur i bhfeidhm ina áit.

Cén chaoi a ndéantar a luach ceannaigh a mheas?

Is é an praghas a bheidh ar an teach ná a luach margaidh de réir Chomhairle Baile Chaisleán an Bharraigh, lúide lascainí.  Tógann an luach margaidh an chaoi agus an bhail atá ar an teach faoi láthair san áireamh. Tógfar bail struchtúrach an tí san áireamh agus an praghas á ríomh, agus déanfar neamhaird ar aon mhéadú sa luach margaidh a bheadh ann de bharr feabhsuithe a rinne tú féin don teach.

Cén saghas lascainí atá ar fáil?

Ceadófar lascaine ar fiú 3% de luach an tí duit as gach bliain a raibh tú i do thionónta ar theach de chuid an údaráis áitiúil (suas le huasmhéid 10 mbliana), agus €3,810 sa bhreis air sin. Más tionónta deich mbliana thú mar sin, gheobhaidh tú lascaine €33,810 ar theach ar fiú €100,000 é. Cheannófá do theach ar €66,190 dá bhrí sin.  

Cén chaoi a maoinítear ceannach iomlán an tí?

Íocfar an luach ceannaigh ina iomlán agus an beart á chur i gcrích agus is é an tionónta a bheidh freagrach as maoiniú a fháil. Má bhíonn morgáiste de dhíth ort, mar a bhíonn ar fhormhór na gceannaitheoirí, beidh sé de rogha agat iarratas a chur chuig Comhairle Contae Mhaigh Eo, chuig banc nó chuig cumann foirgníochta. D’fhéadfadh Comhairle Contae Mhaigh Eo iasacht a chur ar fáil duit,

·        le ráta inathraitheach úis (.i. méadaítear nó laghdaítear é de réir mar a athraíonn rátaí úis go ginearálta); is é 5.25% an ráta inathraitheach úis faoi láthair, nó

 ·       le ráta seasta úis don chéad chúig bliana de théarma na hiasachta. Is é 5.5% an ráta reatha úis ar iasachtaí den saghas seo.

Anuas air sin, gearrtar muirir 0.598% as árachas um chosaint morgáiste.

Tá cumainn foirgníochta agus bainc aontaithe go ndéanfaidh siad iarratais ar iasachtaí ó thionóntaí ar mhian leo a dteach a cheannach go hiomlán a mheas ar an mbonn céanna le hiarratais ar iasachtaí do thithe príobháideacha. Ní bheidh ort éarlais airgid a chur síos ná an t-airgead a bheith i dtaisce agat leis an gcumann foirgníochta ná banc. Beidh an raon céanna roghanna agatsa agus a bhíonn ag aon iasachtaí eile maidir le cineál iasachta, rátaí úis, srl.

Céard faoi úinéireacht roinnte?

Cuireann an Scéim Úinéireachta Roinnte ar chumas tionónta nach mbeadh sé d'acmhainn acu teach iomlán a cheannach in aon bheart amháin sciar den teach a cheannach ar dtús agus an chuid eile de a cheannach de réir a chéile laistigh de thréimse 25 bliain. De ghnáth, ceannaítear sciar ar fiú 50% de luach ceannaigh an tí é ar dtús. Choinneodh an t-údarás áitiúil seilbh ar an gcuid eile de, agus méadaítear luach an tí i gcomhréir leis an mboilsciú. Má theastaíonn a thuilleadh eolais uait faoin scéim seo, déan teagmháil leis an Rannóg Tithíochta de chuid Chomhairle Contae Mhaigh Eo, Áras an Chontae, An Meal, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.

An féidir le tionónta cur in aghaidh luacháil an údaráis áitiúil?

Is féidir, ach caithfidh tú teastas luachála ó luachálaí cáilithe a leagadh isteach chomh maith chun tacú le do mhaíomh. Sa chás go bhfuil difríocht shuntasach idir an chéad luacháil ag Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh agus an ceann curtha faoina mbráid ag an tionónta, rachaidh Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh i gcomhairle leis an Oifig Luachála.

An bhfuil aon tithe ann nach féidir a cheannach?

Go ginearálta bíonn na tithe go léir le ceannach faoin scéim seo cé is moite de thithe a chuirtear ar fáil do agus a bhfuil cónaí ar dhaoine scothaosta iontu. Tá sé faoi rogha na n-údarás tithe áirithe a choinneáil amach ón scéim ar chúiseanna ar nós deabhainistíochta an eastáit, drochbhail a bheith orthu nó má tá sé molta obair dheisiúcháin a dhéanamh orthu.

An gcaithfidh an t-údarás áitiúil dea-bhail struchtúrach a chur ar an teach?

Ní chaithfidh. Tógfar an chaoi atá ar do theach faoi láthair san áireamh agus luach ceannaigh do thí á shocrú. Níl aon dualgas ar Chomhairle Baile Chaisleán an Bharraigh dea-bhail struchtúrach a chur ar aon teach sula ndíoltar é. Níl baránta ná baránta intuigthe ag Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh ag gabháil le deisriocht, bail, nó oiriúnacht mar áit chónaithe duine aon tí faoin scéim seo.

Cé atá freagrach as cothabháil an tí i ndiaidh a cheannaigh?

Mar aon le gach úinéir tí, is tú féin atá iomlán freagrach as cothabháil do thí agus dea-bhail a choinneáil air ón dáta a shínítear an comhaontú ceannaigh le Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh.

An bhfuil tionóntaí a cheannaíonn teach i dteideal faoiseamh cánach?

Tá. D'fhéadfá a bheith i dteideal an ghnáthfhaoisimh ó cháin ioncaim ar ús morgáiste. Is é an teorainn ar fhaoiseamh ó cháin ioncaim ar ús morgáiste le haghaidh ceannaitheoirí céaduaire ná €8,000 i gcás duine aonair no €16,000 i gcás lánúin phósta. Beidh na mionsonraí ar fad ar fáil ón gCigire Cánach i do cheantar féin.

An bhfuil árachas um chosaint morgáiste riachtanach?

Tá árachas um chosaint morgáiste riachtanach i gcás morgáiste ón údarás áitiúil.  Is é 0.598% an ráta a ghearrtar ina leith in aghaidh na bliana, agus cuirtear sa áireamh leis an ráta úis ar d’iasacht é. De ghnáth, bíonn árachas um chosaint morgáiste de dhíth ar bhainc agus cumainn foirgníochta chomh maith, agus socraíonn siad féin é.

Dleacht Stampála?

Ní bhíonn dleacht stampála le híoc agus teach á dhíol.

An bhfuil úsáid nó athdhíol an tí srianta ar bhealach ar bith?

Tá. Ní mór don teach a bheith ina ghnátháit chónaithe ag an gceannaitheoir, muintir an cheannaitheora, nó ag comharba i dteideal ar an gceannaitheoir, mura dtugann an t-údarás cead dá mhalairt. Más mian leat do theach a dhíol laistigh de thréimhse 20 bliain ó dháta ceannaigh an tí, nó sula bhfuil úinéireacht iomlán faighte agat ar an teach, ní mór duit cead a fháil ina leith ó Chomhairle Baile Chaisleán an Bharraigh.

Samplaí de luachanna ceannaigh agus costais seachtainiúla.

 

Luach Margaidh

60,000

75,000

Lascaine (Tionóntacht 10 mbliana)

18,000

22,500

Deontas

3,810

3,810

Luach Ceannaigh

38,190

48,690

Costas Míosúil

 

 

Athíoc morgáiste bunaithe ar cheannach iomlán thar 20 bliain ag ráta inathraitheach úis 5.25% (árachas um chosaint morgáiste san áireamh).

276.37

352.35

Ina theannta sin, d’fhéadfaí na costais thuasluaite a laghdú arís le faoiseamh ar cháin ioncaim.

Céard é an chéad chéim eile?

Déan an Fhoirm Iarratais ar an Scéim Cheannaigh ag Tionóntaí a chomhlánú agus a chur faoi bhráid Chomhairle Baile Chaisleán an Bharraigh. Nuair a fhaightear an fhoirm sin, socrófar an Chomhairle go ndéanfar luacháil ar an teach agus coinneoidh siad ar an eolas thú faoi chúrsaí ina dhiaidh sin. Beidh an luacháil seo bailí ar feadh sé mhí, agus ní mór duit an cinneadh a dhéanamh laistigh den tréimhse sin an bhfuil tú chun leanúint ar aghaidh leis an scéim nó tarraingt siar, agus na socruithe airgeadais cuí a dhéanamh chun an beart a chur i gcrích.   Tabhair do d'aire, le do thoil, nach nglacann Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh le hiarratais ó dhaoine a bhfuil riaráistí ar a gcuntais chíosa.

Cár féidir liom tuilleadh eolais a fháil?

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait déan teagmháil le Laura Heneghan, Uas., ar (094) 9023350