Seirbhísí

Tá Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh freagrach as go leor
seirbhísí sa bhaile mór.  Roghnaigh an tseirbhís atá uait
ó na naisc seo thíos.

Deontais Tithíochta

Ar an 1 Samhain 2007 tháinig trí scéim deontas nua i bhfeidhm in áit an Deontais do Dhaoine faoi Mhíchumas agus an Deontais um Chóiriú Riachtanach. Tá na scéimeanna nua seo ar fad á riaradh ag Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh, agus is iad seo a leanas iad:

An Deontas Tithíochta le haghaidh Áiseanna Soghluaisteachta

 

Maoinítear oibreacha bunúsacha faoin scéim deontas seo chun deacrachtaí soghluaisteachta a bhaineann leis an aosú go príomhá, ach ní hamháin, a shárú. I measc na socruithe a mhaoinítear faoin scéim tá:

§         Greimráillí;

§         Rampaí rochtana;

§         Cithfholcadáin boinn leibhéalta;

§         Ardaitheoirí staighre; agus

§         Mionoibreacha eile a meastar gurb éigeantach iad chun freastal ar riachtanais soghluaisteachta duine den teaghlach.


Is é €4,500 uasmhéid an deontais, nó 100% de chostas na n-oibreacha, cibé acu is lú. Tá an deontas seo ar fáil do theaghlaigh nach bhfuil ollioncam teaghlaigh sa bhreis ar €30,000 acu in aghaidh na bliana.

 

Ba chóir an Fhoirm Iarratais ar Áiseanna Soghluaisteachta a chur faoi bhráid Chomhairle Baile Chaisleán an Bharraigh, Teach an Churraigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.

 


 

An Deontas Oiriúnaithe Tí do Dhaoine faoi Mhíchumas

Tá an deontas seo ar fáil chun oibreacha a mhaoiniú a bhfuil gá réasúnta leo chun teach a chur in oiriúint do dhuine atá faoi mhíchumas, .i. duine a bhfuil máchail fhisiceach, lagú céadfach, nó lagú intleachta orthu, nó a bhíonn i ndrochshláinte intinne ar bhonn seasta. I measc na n-oibreacha a cheadaítear faoin scéim tá rampaí rochtana, leithris ar urlár na talún, ardaitheoirí staighre, cithfholcadáin inrochtana, socruithe chun an áit a chur in oiriúint do chathaoir rothaí, síntí, agus aon oibreacha eile a bhfuil gá réasúnta leo chun teach a chur in oiriúint do dhuine atá faoi mhíchumas.

Beidh luach an deontais socruithe de réir ollioncam an teaghlaigh, agus maoineofar 30% - 95% de chostas na n-oibreacha formheasta leis.  Léirítear sa tábla thíos luach na ndeontas atá ar fáil de réir ioncam measúnaithe an teaghlaigh.

 Uas-ollioncam an teaghlaigh

in aghaidh na bliana

 % na gcostas

ar fáil

 Uasluach an deontais

ar fáil

do thithe a tógadh
breis is 12 mhí ó shin

 Uasluach an deontais

ar fáil

do thithe a tógadh
níos lú ná 12 mhí ó shin

 Suas le €30,000

 95%

 €22,500

 €10,875

 €30,001-€34,000

 90%

 €20,250

 €9,788

 €34,001-€38,000

 80%

 €18,000

 €8,700

 €38,001-€42,000

 70%

 €15,750

 €7,613

 €42,001-€46,000

 60%

 €13,500

 €6,525

 €46,001-€50,000

 50%

 €11,250

 €5,438

 €50,001-€54,000

 40%

 €9,000

€4.350

 €54,001-€65,000

 30%

 €6,750

€3,263

Breis is €65,000

 

Níl deontas ar fáil

 

 

Ba chóir an Fhoirm Iarratais ar an Deontas Oiriúnaithe Tí do Dhaoine faoi Mhíchumasa chur faoi bhráid Chomhairle Baile Chaisleán an Bharraigh, Teach an Churraigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.


 

An Fóirdheontas Tí do Dhaoine Breacaosta

Tá an scéim seo ar fáil do dhaoine breacaosta a bhfuil drochchaoi ar an teach acu chun an teach sin a dheisiú nó a chóiriú mar is cuí.  Áirítear i measc na n-oibreacha a mhaoinítear faoin scéim seo: deisiúcháin nó feabhsuithe déanmhasacha; ath-shreangú; deisiúcháin d'fhuinneoga nó doirse nó cinn nua ina n-ionad; feistiú córas teasa; soláthar uisce agus seirbhísí sláintíochta; glantachán; péinteáil agus tirimlíneáil.

Beidh luach an deontais socruithe de réir ollioncam an teaghlaigh, agus maoineofar 22.5% - 75% de chostas na n-oibreacha formheasta leis. Léirítear sa tábla seo thíos luach na ndeontas atá ar fáil de réir ollioncam an teaghlaigh.

Uas-ollioncam an teaghlaigh

in aghaidh na bliana

% na gcostas ar fáil

Uasluach an deontais ar fáil

Suas le €30,000

75%

€7,875

€30,001 – €34,000

67.5%

€7,088

€34,001 – €38,000

60%

€6,300

€38,001 – €42,000

52.5%

€5,513

€42,001 – €46,000

45%

€4,725

€46,001 – €50,000

37.5%

€3,938

€50,001 – €54,000

30%

€3,150

€54,001 – €65,000

22.5%

€2,363

Breis is €65,000

Níl deontas ar fáil

Níl deontas ar fáil

 

Ba chóir an Fhoirm Iarratais ar an bhFóirdheontas Tí do Dhaoine Breacaosta a chur faoi bhráid Chomhairle Baile Chaisleán an Bharraigh, Teach an Churraigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.