Seirbhísí
Tá Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh freagrach as go leorseirbhísí sa bhaile mór. Roghnaigh an tseirbhís atá uait
ó na naisc seo thíos.
Tithíocht
Scéimeanna agus Seirbhísí Tithíochta
- Tithíocht ón Údarás Áitiúil – Is iad na hÚdaráis Áitiúla príomhsholáthraithe tithíochta do dhaoine a bhfuil riachtanais tithíochta acu agus nach bhfuil sé d’acmhainn acu é a sholáthar dóibh féin.
- Scéim Cheannaigh ag Tionóntaí - Más tionónta thú i dteach de chuid an údaráis áitiúil le bliain amháin ar a laghad, is féidir leat iarratas a chur faoi bhráid an rialtais áitiúil chun do theach a cheannach uathu go hiomlán nó úinéireacht roinnte a fháil air.
- Scéimeanna Deontais Tithíochta – Ar an 1 Samhain 2007 tháinig trí scéim deontas nua i bhfeidhm in áit an Deontais do Dhaoine faoi Mhíchumas agus an Deontais um Chóiriú Riachtanach. Is iad an Deontas Tithíochta le haghaidh Áiseanna Soghluaisteachta, an Deontas Oiriúnaithe Tí do Dhoaoine faoi Mhíchumas agus an Fóirdheontas Tí do Dhaoine Breacaosta.
- Scéim Cíosanna Difreálacha – Tá an cíos ar thithe de chuid Chomhairle Baile Chaisleán an Bharraigh bunaithe ar an Scéim Cíosanna Difreálacha. Dá bhrí sin, bíonn an cíos bunaithe ar do chumas íoctha – má bhíonn ioncam íseal agat beidh do chíos íseal, ach má thagann borradh faoi d'ioncam ardófar do chíos leis. Cuirfear an t-ioncam atá ag daoine eile sa teaghlach san áireamh agus an cíos á ríomh, agus d’fhéadfaí lascainí a thabhairt ar pháistí a bheith sa teaghlach. Déanfar athbhreithniú air seo ar bhonn bliantúil chun a chinntiú gur leor é an méid cíosa a ghearrann Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh chun costais chothabhála agus bhainistithe a cuid tithe a chlúdach.
Soláthraíonn Comhairle Contae Mhaigh Eo roinnt seirbhísí eile, ina measc: Scéim Úinéireachta Roinnte, Scéim Tithíochta Inacmhainne, Scéimeanna Deonacha Tithíochta, Scéim um Chóiríocht ar Cíos, Iasachtaí Tithíochta, , Cóiríocht to Dhaoine gan Dídean agus Suíomhanna Tithíochta ar Chostas Íseal.





