Seirbhísí
Tá Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh freagrach as go leorseirbhísí sa bhaile mór. Roghnaigh an tseirbhís atá uait
ó na naisc seo thíos.
Íoc & Taispeáin
Chuir Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh córas Íoc & Taispeáin i bhfeidhm den chéad uair sa bhliain 2008.
Cead Páirceála Áitritheora
Is éard atá i gceist le Cead
Páirceála Áitritheora ná cead a chuireann Comhairle Baile Chaisleán an
Bharraigh ar fáil do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i gceantair a bhfuil córas
íoc agus taispeáin nó córas dioscpháirceála i bhfeidhm. Ní mór foirm iarratais agus an cháipéisíocht a
ghabhann leis a chur faoi bhráid Chomhairle Baile Chaisleán an Bharraigh. Má tá an Chomhairle sásta le cruinneas an
eolais, eiseofar cead don té sin ach muirear bliantúil a íoc, a bhfuil a luach
faoi réir athrú de réir na bhfodhlíthe. . Ní ghlacfar le hiarratais ach ón
duine féin ar mian leo cead a fháil, agus ní mór don fhoirm a bheidh
comhlánaithe agus an cháipéisíocht a lorgaítear a bheith in éineacht
leis.Forchoimeádann Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh an ceart chun tuilleadh
eolais a lorg chun tacú le hiarratais nó le hathnuachain. Ní cheadaítear ach
cead amháin do gach iarratasóir.
Ní chinntíonn Cead Páirceála Áitritheora spás poiblí páirceála don té a bhfuil
ceann acu. Ní thugann Cead Páirceála Áitritheora cead páirceála áit nó ar
bhealach atá toirmiscthe. Tá Cead Páirceála Áitritheora bailí don fheithicil
agus don tsráid/na sráideanna amháin atá sonraithe ar an cead.
Foirm iarratais ar Sholáthar Cead Páirceála Áitritheora
Foirm iarratais ar athsholáthar Cead
Páirceála Áitritheora
Cead Míosúil Páirceála
Tá Ceadanna Míosúla Páirceála ar fáil don phobal ar fad agus tugann sé cead dóibh páirceáil sna carrchlóis (.i. Carrchlós Chearnóg an Mhargaidh, Carrchlós Shráid an Chaisleáin, nó Carrchlós Shráid Spencer) ar feadh míosa. Gearrfar muirear míosúil as an gcead seo, agus féadfaidh luach an mhuirir seo athrú de réir na bhfodhlíthe.
Ní thugann Cead Míosúil Páirceála cead páirceála áit nó ar bhealach atá toirmiscthe. Tá Cead Míosúil Páirceála bailí don charrchlós atá sonraithe ar an gcead amháin. Chun Cead Míosúil Páirceála a fháil buail isteach chuig oifigí Chomhairle Baile Chaisleán an Bharraigh i dTeach an Churraigh le cláruimhir do chairr agus an muirear ainmniúil.Táillí Íoc & Taispeáin
Tá córas Íoc
& Taispeáin curtha i bhfeidhm ag Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh ar
Chaisleán an Bharraigh. Tá breis is 68 méadar páirceála feistithe sa bhaile mór
ag pointí sonracha.
Ní
thabharfaidh
na méadair
pháirceála sóinseáil agus ní mór mar sin an táille cheart a bheith agat.
Admháil
Eisíonn an méadar Íoc & Taispeáin admháil do thiománaithe le cur ar taispeáint ar ghaothscáth na feithicle ach is féidir é a úsáid mar chruthúnas ar íocaíocht chomh maith.
Táillí agus Uaireanta Gnó
Ní mór táillí páirceála a íoc
- idir 8.30 r.n. agus 18.30 i.n – Luan go Satharn.
- idir 8.30 r.n. agus 18.30 i.n. – Luan go Domhnach (Carrchlós Dunnes)
Páirceáil in aghaidh na huaire
Gearrtar €1 in aghaidh na huaire ar pháirceáil ar thaobh na sráide agus €0.50 in aghaidh na huaire ar pháirceáil i gcarrchlós, cé is moite de charrchlós Dunnes, áit a ngearrtar €1 in aghaidh na huaire.
Ó 1 Iúil 2010 i leith tá na táillí carrchlóis go léir faoi réir CBL 21%.
Páirceáil Míosúil
Cosnaíonn ceadanna míosúla páirceála €30 in aghaidh na míosa faoi láthair (CBL 21% san áireamh) le haghaidh Charrchlós Shráid an Chaisleáin agus Charrchlós Chearnóg an Mhargaidh. Tá lascaine 10% ar fáil má cheannaítear cead sé mhí, .i. €162, agus lascaine 20% má cheannaítear cead bliana (12 mhí), .i. €288.
Cosnaíonn ceadanna míosúla páirceála €18 in aghaidh na míosa (CBL 21% san áireamh) le haghaidh Charrchlós Shráid Spencer. Tá lascaine 10% ar fáil má cheannaítear cead sé mhí, .i. €97.20, agus lascaine 20% má cheannaítear cead bliana (12 mhí), .i. €172.80.




