Planning: Search applications Forms: Online and Downloads Register of Electors Council Meetings

Seirbhísí

Tá Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh freagrach as go leor
seirbhísí sa bhaile mór.  Roghnaigh an tseirbhís atá uait
ó na naisc seo thíos.

Páirceáil

Tá sé d’aidhm ag an Rannóg Páirceála saorimeacht tráchta agus neart spásanna páirceála a chinntiú don bhaile mór trí fhíneálacha páirceála a ghearradh agus monatóireacht leanúnach a dhéanamh ar an trácht sa bhaile mór. Tá córas Íoc & Taispeáin i bhfeidhm sna carrchlóis ar fad agus ar thaobh na sráideanna, agus is féidir ticéad a cheannach lena aghaidh ó cheann de na meaisín ticéad íoc agus taispeáin. Ní mór an ticéad seo a chur ar taispeáint go feiceálach ar dheais na feithicle.

Tá beirt mhaor tráchta fostaithe ag Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh lena chinntiú go gcloítear leis na rialacháin páirceála agus chun monatóireacht a dhéanamh ar imeacht na tráchta. Bíonn na maoir ag obair ó Luan go Satharn. Eisíonn siad fógraí muirir sheasta (pionóis) ar charranna a pháirceáiltear go neamhdhleathach, agus tig leo ticéid a eisiúint nuair nach bhfuil diosca bailí mótarchánch á thaispeáint ach oiread.


Íoc & Taispeáin