Seirbhísí
Tá Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh freagrach as go leorseirbhísí sa bhaile mór. Roghnaigh an tseirbhís atá uait
ó na naisc seo thíos.
Láithreáin Thréigthe
De réir an Achta um Láithreáin
Thréigthe, 1990, ní mór d'údaráis áitiúla clár a choinneáil de na láithreáin
thréigthe ina gceantar féin. Coinnímid
an clár seo ina bhfuil mionsonraí na láithreán tréigthe: a suíomh, sonraí
úinéireachta, agus a luacháil.
Is féidir Clár na Láithreán Tréigthe a scrúdú ag oifigí Chomhairle Baile
Chaisleán an Bharraigh le linn gnáthuaireanta oscailte.Tá sé ar chumas
Chomhairle Baile Chaisleán an Bharraigh luacháil a dhéanamh ar láithreáin
thréigthe agus muirear a ghearradh bunaithe ar chéatadáin de luach margaidh an
láithreáin, chomh maith le hordú a thabhairt chun oibreacha a dhéanamh ar an
láithreán. Is féidir leo seilbh a fháil ar láithreán le hordú ceannaigh
éigeantaigh más gá.
Déanfar gach tuairisc ar thréigeadh a fhiosrú, agus nuair is féidir úinéir a
aithint tugtar ordú go ndéanfar oibreacha ar an láithreán d’fhonn tionchar an
dearóilithe a mhaolú.Tá na feidhmeanna a leanas ag Comhairle Baile Chaisleán an
Bharraigh:
- Láithreáin thréigthe nó chontúirteacha a aithint
- Reachtaíocht a chur i bhfeidhm (an tAcht um Láithreáin Thréigthe, 1990) – orduithe cuí a thabhairt agus a chinntiú go gcloífear leo
- Bheith i dteagmháil le húineirí láithreán atá ar Chlár na Láithreán Tréigthe
Seo a leanas príomhfhorálacha an Achta um Láithreáin Thréigthe, 1990:
(a) Míniú ar ‘láithreán tréigthe’:
Ciallaíonn láithreán tréigthe aon talamh a bhaineann, nó ar dóigh dó baint, go feadh méid ábhartha, ó thaitneamhacht, ó shainghné nó ó dhealramh na talún i gcomharsanacht na talún atá i gceist –
1. mar gheall ar dhéanmhais atá ina bhfothraigh, tréigthe nó contúirteach a bheith ar an talamh i gceist, nó
2. mar gheall ar an talamh nó aon déanmhais ar an talamh i gceist a bheith ligthe i bhfaillí, mímhaiseach nó gráiniúil, nó
3. mar gheall ar aon bhruscar, truflais, smionagar nó dramhaíl a bheith ann nó a bheith caite nó carntha ar an talamh i gceist, ach amháin i gcás an bruscar, an truflais, an smionagar nó an dramhaíl sin a bheith ann, a bheith caite nó carntha de dhroim fheidhmiú cirt a thugtar le reacht nó leis an dlí coiteann.
(b) Tá sé de dhualgas ar gach úinéir
agus áititheoir talún, lena n-áirítear údaráis áitiúla, a chinntiú nach dtagann
an talamh chun bheith nó nach leanann sé de bheith ina láithreán tréigthe.
(c) Tá sé de dhualgas ar údaráis
áitiúla clár láithreán tréigthe a choinneáil.
(d)
Oibreacha a dhéanamh de réir orduithe tugtha ag údarás áitiúil faoi Alt
11 den Acht. Ní bheidh oibreacha den saghas seo faoi réir cead pleanála.
(e) Beidh
sé de dhualgas ar údaráis áitiúla gach beart réasúnach a dhéanamh lena chinntiú
nach dtagann aon talamh atá suite ina limistéar feidhmiúcháin chun bheith ná
nach leanann sé de bheith ina láithreán tréigthe.
(f)
Cumhachtaí breise a thabhairt d'údaráis áitiúla chun bearta a dhéanamh
in aghaidh dearóiliú agus chun seilbh a thógáil ar láithreáin thréigthe, ar
mhodh éigeantach san áireamh.
(g) Tobhach bliantúil (bunaithe ar luach margaidh an láithreáin) a ghearradh ar láithreáin áirithe thréighte i gceantracha uirbeacha. Tá an tobhach bliantúil seo bunaithe ar thrí faoin gcéad de luach margaidh na réadmhaoine faoi láthair.
Ní mór d'údaráis áitiula Clár na Láithreán Tréigthe a chur i dtoll a chéile agus a choinneáil. Sula ndéanfaidh an t-údarás áitiúil aon iontráil ar an gclár maidir le haon talamh, tabharfaidh siad d’aon úinéir agus áititheoir fógra á rá go bhfuil ar intinn acu an iontráil sin a dhéanamh, agus breithneoidh siad aon uiríll a dhéanfaidh aon úinéir nó áititheoir i scríbhinn laistigh de cibé tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra.
Orduithe faoi Alt 11
Tá sé ar chumas an údaráis áitiúil, faoi Alt 11, orduithe a thabhairt d'úinéirí nó d'áititheoirí talún ina sonraítear na bearta atá le tógáil chun nach dtiocfaidh an talamh chun bheith nó nach leanfaidh sé de bheith ina láithreán tréigthe. Ní mór deis a thabhairt don té dá tugadh an t-ordú uiríll a dhéanamh don údarás áitiúil maidir le coinníollacha an ordaithe. Sa chás go dtugtar ordú faoi Alt 11, beidh na hoibreacha sonraithe díolmhaithe faoi na hAchtanna Pleanála.
Sealbhú Láithreán Tréigthe
Ceadaítear d'údaráis áitiúla, faoi Alt 14 den Acht, laithreán tréigthe atá suite laistigh dá limistéar feidhmiúcháin a fháil trí chomhaontú nó go héigeantach. Baineann Ailt 15-19 le fáil láithreán tréigthe go héigeantach. Tá an nós imeachta seo simplí go leor, agus níor chóir é a thógáil in ábhraíocht nós imeachta an ordaithe ceannaigh éigeantaigh a leagadh amach san Acht um Tithíocht, 1966. Is féidir achomhairc a dhéanamh chuig an mBord Pleanála maidir le horduithe ceannaigh éigeantaigh .




