Seirbhísí
Tá Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh freagrach as go leorseirbhísí sa bhaile mór. Roghnaigh an tseirbhís atá uait
ó na naisc seo thíos.
Corrthrádáil
Tá cead ag gnólachtaí agus daoine aonair araon earraí a dhíol laistigh de limistéir shonracha ar an bPlás Thuaidh agus Theas de Chearnóg an Mhargaidh i gCaisleán an Bharraigh a fhad is go bhfuil Ceadúnas Corrthrádála eisithe ag Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh acu.
Más mian leat bia a ullmhú nó a dhíol, déan teagmháil le FSS toisc go bhféadfadh sé a bheith amhlaidh go bhfuil riachtanais sa bhreis acusan.
Má bheirtear ar dhuine i mbun trádála ceal ceadúnais, d'fhéadfaidís a bheith ionchúisithe ag oifigeach údaraithe de chuid Chomhairle Baile Chaisleán an Bharraigh nó na Gardaí.




