Planning: Search applications Forms: Online and Downloads Register of Electors Council Meetings

Seirbhísí

Tá Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh freagrach as go leor
seirbhísí sa bhaile mór.  Roghnaigh an tseirbhís atá uait
ó na naisc seo thíos.

Bainistíocht Bruscair

Litter in a carpark.

Cuireann Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh na dlíthe um thruailliú bruscair i bhfeidm.Tá beirt mhaor bruscair ceapaithe ag an gComhairle ar bhonn páirt-aimseartha. Is féidir gearán a dhéanamh ach fios a chur ar 094 9023350 agus an Rannóg Comhshaoil a lorg. Breacfaimid síos na sonraí go léir agus tabharfaimid do na maoir bruscair iad mar is iadsan a fhiosríonn na gearáin.

An Dlí

Le hachtú an Achta um Thruailliú Bruscair, 1997, agus leasuithe dó idir an dá linn, tugadh dlíthe níos géire isteach chun dul i ngleic le truailliú bruscair ar bhealach níos éifeachtaí. Leasaíodh an dlí seo ó shin leis an Acht um Bainistiú Dramhaíola (Leasú) agus leis an Acht um Chosaint Timpeallachta. Seo thíos príomhfhorálacha na reachtaíochta sin.

Fíneálacha

Is cion é bruscar a fhágáil nó a chaitheamh in áit phoiblí, agus má dhéanann tú amhlaidh d’fhéadfaí fíneáil €150 a ghearradh ort ar an láthair nó fíneáil €130,000 ar a mhéid a ghearradh ort sa chúirt.

Áirítear réimse leathan ábhar faoin teideal ‘bruscar’; tá níos mó ná giotaí beaga páipéir agus boinn toitíní i gceist leis, agus clúdaíonn sé ábhar ar bith, beag nó mór, atá nó a d’fheadfadh a bheith mímhaiseach amach anseo.

Má chiontaítear tú i gcoireanna bruscair, d'fhéadfaí iallach a chur ort costais agus caiteachas an údaráis áitiúla a íoc as an gcion a fhiosrú agus an cás dlí a thógáil.

Bruscar in Áiteanna Poiblí

Más leatsa sealúchas a bhfuil cead isteach ag an bpobal ann, nós más tusa atá i bhfeighil air, tá dualgas ort é a choinneáil saor ó bhruscar, cuma cén chaoi ar tháinig an bruscar ann. Baineann sé seo le chuile áit phoiblí.

Bruscar ar Shealúchas Príobháideach

Más leatsa sealúchas nó más áititheoir ann thú, ta dualgas ort é a choinneáil saor ó bhruscar. Go bunúsach, ní mór duit aon chuid de do shealúchas atá amuigh faoin spéir agus atá infheicthe ó áit phoiblí a choinneáil glan ó bhruscar.

Baill Dhubha Bruscair

Sa chás go bhfuil bruscar carnaithe ar shealúchas, cibé cúis atá leis, agus go bhfuil an bruscar sin infheicthe ó áit phoiblí, tá sé de chead ag an údarás áitiúil ordú a thabhairt don úinéar nó don áititheoir an bruscar a ghlanadh den láthair. D’fhéadfadh bearta réamhchúramacha a bheith san ordú seo chomh maith a chuirfear i bhfeidhm ionas nach dtarlóidh a leithéid arís.

Má dhiúltaíonn nó má theipeann ar an úinéar nó an áititheoir gach a n-iarrtar air a dhéanamh, tá sé ar chumas an údaráis áitiúil pé rud is gá a dhéanamh chun an fhadhb a réiteach, agus beidh ar an sealbhóir nó an áititheoir na costais uile a íoc.

Bruscar – Coireanna eile a thagann faoin scáth céanna

  • Dumpáil dramhaíola go neamhdhleathach
  • Gan ionad a ghlanadh tar éis féile nó ócáid mhór phoiblí (an limistéar timpeall láithreáin na hócáide san áireamh)
  • Tá ionaid soghluaiste mearbhia freagrach as aon bhruscar i bhfoisceacht 100 méadar dá gcuid gnó a bhaineann lena gcuid gnó
  • Salachar madraí
  • Fógraí nó comharthaí a chuirtear in airde ar chuaillí nó ar fhoirgnimh
  • Níl cead fógráin a chur ar fhuinneoga carr, agus d'fhéadfadh cosc a bheith ar dháileadh fógráin pháipéir sa tsráid ag an údarás áitiúil

Glanadh bruscair

Moltar do chách obair i gcomhar lena bpobail agus a gcuid coistí bailte slachtmhara áitiúla agus feachtais glanta bruscair a n-eagrú sa cheantar. Bheadh Comhairle Contae Mhaigh Eo fíorshásta málaí agus lámhainní a sholáthar chun cuidiú leis an nglanadh. Déan teagmháil le d’oifig áitiúil chun tuilleadh eolais a fháil ina leith.

Scaob an Salchar

Is cion é salachar madra a fhágáil in áit phoiblí. Déan teagmháil le Rannóg Comhshaoil de chuid Chomhairle Contae Mhaigh Eo ar 094 9024444 chun sonraí a fháil maidir le gléis scaobtha salachair a fháil.