Planning: Search applications Forms: Online and Downloads Register of Electors Council Meetings

Seirbhísí

Tá Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh freagrach as go leor
seirbhísí sa bhaile mór.  Roghnaigh an tseirbhís atá uait
ó na naisc seo thíos.

Conair Abhann

Tá an obair faoi lán seoil anois ar thógáil cosán cois abhann a shíneofar ó cheann cheann an bhaile mhóir, togra a choimisiúnaigh Chomhairle Baile Chaisleán an Bharraigh. 

Faoin bplean seo déanfar athchóirú cuimsitheach ar na tailte lámh le bruach na habhann chun an tslí a réiteach do chosán leanúnach ó Loch an Eanaigh go Chnoc Tomáis.

Tá obair tosaithe ar an láithreán cheana féin i gcomhair an tionscadail seo. Is Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh í féin a dhéanfaidh formhór na hoibre.  Táthar i mbun na chéad céime den obair ag Loch an Eanaigh agus tá conraitheoir ceaptha chun obair scrúdaithe láithreáin a dhéanamh maidir le droichead a thógáil do choisithe.  

Beidh ar Chomhairle Baile Chaisleán an Bharraigh an tionscadal seo a mhaoiniú, agus tá an Chomhairle ag déanamh socruithe le roinnt blianta anuas i dtaca leis an ngné seo den tionscadal.  Beidh orthu na socruithe seo a choinneáil i bhfeidhm amach anseo lena chinntiú go gcuirfear an tionscadal i gcrích.

Lough Lannagh

Lough Lannagh 2