Seirbhísí
Tá Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh freagrach as go leorseirbhísí sa bhaile mór. Roghnaigh an tseirbhís atá uait
ó na naisc seo thíos.
Clóis Súgartha
Tá clós súgartha nua-aimseartha tógtha ag Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh in áit lárnach a bhfuil sé éasca teacht air ar Bhóthar Loch an Eanaigh. Baintear an-úsáid as an áis i gcónaí.

Tógadh clós súgartha sa bhreis mar chuid den eastát nua tithíochta 'Lios na Circe', agus thóg Comhairle Contae Mhaigh Eo clós súgartha eile ag Cnoc Tomáis (idir eastáit tithíochta an tSrutháin agus Chois Abhann).

Tá limistéar mór taitneamhachta á phleanáil faoi láthair don Fairgreen.
Bígí slán ag súgradh is beidh spraoi go leor agaibh
Bíodh meas agaibh le bhur dtoil ar an trealamh sa chlós súgartha agus sibh á úsáid, agus cloígh leis na rialacha ann i gcónaí.




