Planning: Search applications Forms: Online and Downloads Register of Electors Council Meetings

Seirbhísí

Tá Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh freagrach as go leor
seirbhísí sa bhaile mór.  Roghnaigh an tseirbhís atá uait
ó na naisc seo thíos.

Airgeadas

Imeachtaí

Bíonn an Rannóg Airgeadais ag plé le maoiniú imeachtaí na Comhairle go léir go gearrthéarmach is go fadtéarmach, idir chaiteachas reatha is chaiteachas caipitiúil.

Is éard atá i gceist leis seo ná:

  • Monatóireacht a dhéanamh ar ioncam agus caiteachas agus iad a choinneáil faoi smacht
  • Iasachtaí agus léasanna a shocrú de réir mar is gá
  • Bainistiú Cisteáin

Cinntíonn an Chomhairle chomh maith go gcuirtear an cleachtas cuntasaíochta a bhfuil glacadh leis, agus na cleachtais reachtúla i bhfeidhm mar is cóir ar gach idirbheart airgid isteach nó amach as an gComhairle.

Maoinítear caiteachas reatha na Comhairle ó fhoinsí mar:

  • Rátaí tráchtála
  • An Ciste Rialtais Áitiúil
  • Deontais ón rialtas
  • Cíos tithíochta, táillí pleanála, agus muirir uisce tráchtála i measc táillí eile.

Feidhmeanna

Is iad príomhfheidhmeanna na Rannóige Airgeadais:

An Buiséad Bliantúil

  1.  Ullmhaíonn an Rannóg Airgeadais an buiséad foriomlán i gcomhar le Bainisteoir an Bhaile Mhóir.
  2. Cuirtear faoi bhráid chomhaltaí na comhairle chun glacadh leis é ag cruinniú bliantúil an bhuiséid  

Dréachtbhuiséad Chomhairle Baile Chaisleán an Bharraigh, 2012

Ráiteas Bliantúil Airgeadais

  • Ullmhaítear ar bhonn bliantúil é chun léargas a thabhairt ar chúrsaí airgeadais na bliana a chuaigh thart.
  • Cuirtear faoi bhráid chomhaltaí na comhairle ag cruinniú é.
  • Déanann iniúchóir an rialtais áitiúil na cuntais a scrúdú.

Ráiteas Bliantúil Airgeadais 2009

Ioncam

Déantar rátaí tráchtála agus fíneálacha tráchta a bhailiú chomh maith le cuntais cíos tithíochta agus cuntais iasachtaí a bhainistiú.

Cuntais Iníoctha

  • Clárú na sonrasc ar fad a fhaightear.
  • Déantar na sonraisc a phróiseáil ar an láthair i bhfo-rannóg na gCuntas Iníoctha.
  • Cuirtear an beart i gcrích le seiceanna a phriontáiltear go rialta.

Párolla

Is éard atá i gceist leis seo ná pá a íoc ar gach seachtain agus tuarastail agus pinsin a íoc ar gach coicís.

Árachas

Is é an Rannóg Airgeadais atá i bhfeighil cúrsaí árachais don Chomhairle. Is iad na príomhchineálacha árachais a shocraíonn siad:

  • Árachas dliteanais phoiblí
  • Árachas dliteanas fostóra
  • Árachas dóiteáin agus mótair