Seirbhísí & Eolas

Pay Online: Quick and easy Planning: Search applications Forms: Online and Downloads Register of Electors Council Meetings  Census 2011 Reports.

Imeachtaí & Cruinnithe

Tionóltar cruinniú de Chomhairle Baile Chaisleán an Bharraigh uair sa mhí ar a laghad (ach amháin i mí Lúnasa), ar an dara Déardaoin sa mhí.

Fáiltiú Cathartha feartha roimh an Taoiseach Enda Kenny (Oifigí Chomhairle Baile Chaisleán an Bharraigh, Teach an Churraigh)

13 Bealtaine @ 7pm

Fáiltiú Cathartha feartha roimh an Taoiseach Enda Kenny.

Is mór an lúchair do Chomhairle Baile Chaisleán an Bharraigh an acaláid is mó dá bhfuil againn – Fáiltiú Cathartha – a fhearadh roimh an Uasal Enda Kenny ar ócáid a thofa ina Thaoiseach Éireann.

Leis an ócáid seo, is mian leis an gComhairle aitheantas a thabhairt don ardmheas atá ag muintir a bhaile dúchais féin ar an Uasal Kenny. Cuireann sé áthas orainn gur aithin na toghthóirí an dianobair atá déanta aige agus is cúis mhórtais dúinn go bhfuil an oifig polaitíochta is cumhachtaí sa tír bainte amach aige. Is díol sóláis dúinn go mbeidh tuiscint, éifeacht agus ceart á stiúradh agus an chumhacht sin á úsáid aige.

Ní haon ionadh do mhuintir Chaisleán an Bharraigh go bhfuil an chéim seo bainte amach ag an Uasal Kenny. Is de cheann de na teaghlaigh is mó meas orthu sa bhaile seo é. Tá 70 bliain gan teimheal caite ag a mhuintir os comhair an phobail, idir é féin, a athair Henry nach maireann agus a dheartháir Henry.

Is trí sheirbhís don phobal a léirigh an tUasal Kenny tírghrá praiticiúil le linn a ghairm fhada pholaitiúil. Bhí sé seo le sonrú sa chinnearacht thug sé dá phobal, dá chontae agus dá thír. Is eiseamláir do chách é leis an díograis, diongbháilteacht, dearcadh, ionracas agus féiníobairt atá léirithe aige.

Seasann a thoghadh mar Thaoiseach go láidir don mhacántacht agus don chiubheas poiblí, tráth a bhfuil míchlú agus dímheas tarraingte ar pholaiteoirí, acu siúd a bhí ag déanamh a leasa féin. Seo tús ath-thógáil ghairm na polaitíochta i dtreo é a chur ar ais ar an mbonn céimniúil atá ag dul dó.

Is mór an onóir dúinn, mar ionadaithe bhaile dúchais an Uasail Kenny, páirt a ghlacadh san ócáid ghliondrach seo in éineacht lena mháthair Eithne, a dheirfiúr Maria, agus a dheartháireacha Henry, John agus Kieran. Guímid gach rath ar an Uasal Kenny sna dúshláin mhóra atá roimhe. Guímid go háirithe sláinte agus fad saoil ar Enda, Finnuala, Aoibhinn, Ferdia agus Naoise le linn a thréimhse mar Thaoiseach agus le fada ina dhiaidh.

 

Planting of Tree

Enda Kenny and Staff of CTC

Staff Presentation

Enda Kenny and Cllrs

Presentation of Scroll

Presentation of Irish Translated Place Names

Flower presentation to Finnuala